Celtic Lyrics Corner > Compilations > Gaelic Ireland > Eochaill

   
Gaelic Ireland Eochaill
   
Credits: n/a
   
Appears On: Gaelic Ireland (compilation)
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   
Other Versions: "Eochaill" on Danú's album Think Before You Think
   

Lyrics:

Maidin domhnaigh 's mé ag dul go hÉochaill
Do casadh ógbhean orm sa tslí
Bhí scáil a leiceann ar dhath na rósaí
Is ba bhinne a glór nó na ceolta sí
Leagas mo lámh ar a bráid le mórtas
Agus d'iarr mé póigín ar stór mo chroí
Is é duirt sí "Stad is ná stróic mo chlóca
Is gan fios do gnó ag bean do thí"

"Seo mo lámh duit nach bhfuilim pósta
Is gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoi
Is dá dtriallfá liomsa ar ais go hÉochaill
Go bhfaighfeá ómós mar gheobhadh bean tí
Chuirfinn high cauled cap i gceart is i gcóir ort
Gúna, clóca is caipisín
Bheadh siopadream agat den bhfíon is den bheoraigh
Is do leanbh dóúil ag ól chích"

"Níl ann ach uair bheag ó d'fhágas Eochaill
Is ní ligeann an brón dom filleadh arís
Do bheadh mo mhuintir go mór i bhfeirg loim
Is ní bhfaighinn fóirthint ó m' chairde gaoil
Leath a n-abair siad ní dhéanaim a gcomhairle
Ach buailim an bóthar de ló is d'oích'
Is cailín scaite mé atá ag siúl na mbóithre
Ag iarraidh an eolais go Ceapach Chuinn"