Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Lasairfhíona Ní Chonaola > An Raicín Álainn > Banríon Loch Na Naomh

   
An Raicín Álainn Banríon Loch Na Naomh
   
Credits: n/a
   
Appears On: An Raicín Álainn
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   

Lyrics: English Translation:
   
Trathnóna aréir 's mé ag teacht liom féin Last night as I traveled alone
'S mé ag déanamh ar éadan Loch na Naomh Coming towards Loch na Naomh
'Sí mo ghruaig go léir a sheas go tréan All my hair stood on end
Ar eagla géar is gan fios cé' faoi From great fright without knowing why
Las na réalta a bhí ar na spéartha The stars of the skies lit up
'Gus fuair mé léargas beag ar mhnaoi And I could see the woman
Ach liún sí mo thaobh le saighead glan géar But she pierced my side with a clean, sharp arrow
Agus d'fhág sí léas dubh i lár mo chroí And left a black bruise in the center of my heart
   
Tháinig smaointí beag' trí m'intinn Some thoughts crossed my mind
A' beannú arís don ógbhean bhreá As I greeted again this beauty
'S gan fios cén draíocht a chas i mo líon í Wondering what magic powers directed her to me
An tráth úd d'oíche 's mé in uaigneas ann At the dead of night in that eerie place
"Ó, teann liom aníos is dearc go grinn mé "Come up and look well at me
Is mise an aoileann óg ón nGréig I am the young fair maid from Greece
Ach grá mo chroí go ló is go oíche You are the love of my heart from day until night
Guth do chinn is meabhair do bhéil" Your voice and the brilliant utterances of your mouth"
   
"A óigbheann mhúinte, ná buail fúmsa "Courteous young woman, don't confront me
Dearc mo shnua nach bhfuil mé slán Just look at me and see that I am not well
Mar tá mé crosta, smútach, gruamach For I am troubled, cross and gloomy
Is páirt gan stuaim ar easpa baill" Part of my deformity is that I am without limbs"
"Ná ceap is ná síl ga gcuirfidh tú díot mé "Don't think for a minute you will get rid of me so easy
Is a liachtaí mac rí chuir mé 'un báis For it's many a king's son that I put to death
Ó fuair mé scéala ar fheabhas do mhéin bhreá Now that I have discovered how good-looking you are
Shiúlfainn Éirinn le fonn tú a fháil" I would travel the length of Ireland to be with you"