Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Lasairfhíona Ní Chonaola > An Raicín Álainn > Amhrán Na Phúca

   
An Raicín Álainn Amhrán Na Phúca
   
Credits: n/a
   
Appears On: An Raicín Álainn
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   

Lyrics: English Translation:
   
Ó, éireoidh mé ar maidin in ainm an Domhnaigh I'll get up in the morning in the name of Sunday
Is rachaidh mé mo chónaí ar chnocánín bán And I will take up residence on the little fair hill
Ó déanfaidh mé teach ann ar leataoibh an bhóthair Oh I will build a house there beside the road
I bhfogas don chóngar abhus agus thall At easy reach to all places
   
San áit a mbheidh agam cead bealaigh is bóthair There I'll have the freedom of the roads
Caidreamh lucht eolais, fear loing agus báid Where I will meet learned people of ships and boats
Beidh scoil ag lucht ealaíon 's ag ógánaigh óga There will be a school for artists and for the young
Ar lorg an eolais ag teacht ar mo shráid Seeking knowledge at my door
   
'Sé iomrá na gcailleach sna seandaoine críonna It is the talk of old women and wise old folk
D'fhág mearbhall ar m'intinn is néal i mo cheann That has my mind confused and my head spinning
A rá go raibh an Púca ann ó aimsir na Díleann Saying that the Pooka was there since the time of the Flood
Go bhfaca na daoine é, ach níl fhios cén t-am That people saw him, but no one can tell when
   
Níorbh é sin a b'ait liomsa ag teacht go ráithe an Gheimhridh It is not that I would want as winter approaches
Iad a bheith ag déanamh íospart istigh ar mo shráid To have my front garden turned upside down
Go mbíonn sé ina chat is na mhada san oíche At night he is a cat or a dog
Is nár thúsice ina Phúca é ná ina sheanghearán bán And as soon as he is a Pooka he turns into an old white gelding
   
Dhá bhfaighfainnse capall chomh maith leis an bPúca If I had a horse as fast as the Pooka
Bheadh m'anamsa lúfar ag imeacht is a teacht My soul would be fast moving, getting there and coming back
Dhá mba thíos i gCeann Gaineamh a thógfadh sé a ualach If he loaded his cargo way down at Ceann Gaineamh
Ó bheadh sé i gceann leathuair ag binn Éamainn Uí Bhriain Oh he'd be at Eamonn O'Brien's gable within the half-hour
   
Cuirfidh mé sconsa le hiomaire an Líonáin I will raise a fence by Leenane's Ledge
Ní ligfidh mé aníos é le fána an Toirc Mhóir To stop him getting in by Torc Moore Slope
Dhá n-ionsódh sé Caiseal trí cheartlár na Maoine If he approaches Cashel through the center of Maoine
Anonn go tír caorach nó anonn don tír ghlas Over to the sheepland or over by the green pasture
   
Ní ligfidh mé tharam ar thalamh ná ar thoinn é I won't let him pass by me over land or sea
'S beidh aireachachas cruinn agam roimhe sa ród And I'll keep a close eye on him on the roadway
Dhá gcastaí le Jeaic é, fear maith atá sa tír seo If he happens on Jack, a man of renown
Bhainfeadh sé píosa dhá leiceann is dhá shrón He will surely put his nose out of joint